EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E282

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
TEIDEAL I - FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
CAIBIDIL 1 - NA hINSTITIÚIDÍ
ROINN 6 - AN BANC CEANNAIS EORPACH
Airteagal 282

IO C 202, 7.6.2016, p. 167–167 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_282/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/167


Airteagal 282

1.   Comhdhéanfar an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) den Bhanc Ceannais Eorpach i dteannta leis na bainc cheannais náisiúnta. Déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach i dteannta le bainc cheannais náisiúnta na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu, a chomhdhéanann an tEurochóras, beartas airgeadaíochta an Aontais a sheoladh.

2.   Is iad comhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh a rialóidh an CEBC. Beidh de chuspóir príomhúil ag an CEBC cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun. Gan dochar don chuspóir sin, tacóidh sé leis na beartais eacnamaíocha ghinearálta san Aontas d'fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais.

3.   Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an mBanc Ceannais Eorpach. Eisean amháin a fhéadfaidh eisiúint an euro a údarú. Beidh sé neamhspleách i bhfeidhmiú a chumhachtaí agus i mbainistiú a chúrsaí airgeadais. Déanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus rialtais na mBallstát an neamhspleáchas sin a urramú.

4.   Glacfaidh an Banc Ceannais Eorpach pé bearta is gá chun a chúraimí a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagail 127 go 133 agus le hAirteagal 138, agus leis na coinníollacha atá socraithe i Reacht an CEBC agus an BCE. I gcomhréir leis na hAirteagail chéanna sin, coinneoidh na Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, agus a gcuid Banc Ceannais, a gcumhachtaí in ábhair airgeadaíochta.

5.   Rachfar i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, sna réimsí a thig faoina fhreagrachtaí, maidir le gach gníomh Aontais arna bheartú, agus le gach togra rialacháin ar leibhéal náisiúnta, agus féadfaidh sé tuairimí a thabhairt.


Top